Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 204
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhíodh níos mó táilliúirí sa gceantar seo mar atá fá láthair.
Fadó bhí dhá cheann ann acht anois níl acht aon cheann amháin. Tá am deas acu anois i gcomparáid leis na táilliúirí a bhí ann fadó.
Ní raibh a teach féin aca le obair a dhéanamh ann acht do théigheadh siad ó theach go teach ag déanamh éadaighe do na daoine.
Do thiúbharfadh siad na h-uirlísí leobhtha agus nuair do rachaidís chuig an teach d'obruigh cuid aca ar an mbord agus bhíodh doras ag daoine an tighe leis an gcuid eile agus do dhéanfadh siad na culaith éadaighe ar lár an urláir.
Bhíodh gach uirlís aca mar atá ag na tailliúirí fá láthair acht an inneall fuaghála. Bhíodh snáthad agus snáth aca leis na culaith éadaighe do fhuagháil agus bhíodh siad chomh breágh is na culaith éadaighe a dhéanfas an inneall fuaghála. Tá seomra ag na táilliúirí fá láthair ina dteach féin len a gcuid oibre a dhéanamh ann agus téigheann na daoine chuca nuair bhíos éadaighe le déanamh aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Gothraidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Martan Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo