Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 001
- XML “Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sidheóga
Ba mhinic a chuala me m’athair ag innseacht sgéalta faoi sidheóga agus seo ceann de na sgéalta a dinnis sé:
Fadó bhí fear óg in a comhnuidhe i mbaile Cillín agus oidhche ámhain chuaidh se a cuairteáracht. Bhí sé i bhfad san oidhche nuair bhí sé ag teacht abhaile. Bhí gach duine in a leabhaidh ach ámhain Tomás Mór.
Sheas sé taobh amuigh de’n teach ar feadh tamaill agus cuireadh páisde amach tríd an bfuinneóg dó. ní raibh fhíos aige ceard do dhéanfhadh sé. Ar aon chuma thug sé an páisde, abaile leis.
Nuair déirigh sé ar maidin chuala sé go raibh páisdhe marbh i detach Thomais Móir. Bhí fhíos aige annsin gurbh iadh na sidheóga a bhí ann an oidhche roimhe sin agus gur fhágadar páisde eile in a áit.
Chuaidh sé chuig an teach agus bhí na daoine ag caoineadh agus ag gol. Ní dhearna sé tada acht pota mór uisge do chrochad os cionn na tinneadh. Nuiar a bhí sé ag fuichadh dfosghail sé an doras agus an móiméad dfosgail sé an doras seo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Eoghain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac hOiste
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo