Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 225
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fado ní biodh na tighthe chomh mór is atáidh i lathair na h-uaire.
Biodh cinn tuighe orra agus ní biodh acht seomra amhain agus cisteannach.
Biodh leabhaidh amháin sa gcisteanach agus an t-ainm a bhí air, an cailleach.
Chodluigheadh beirt no triúr sa leabhaidh dá mbeadh sé sathach mór mar áit téolaidhe é i ghar do'n teine.
Aníos agus arís dá mbheadh an chisteannach ar ceann an tighe biodh an teintéan i gcoinne na binne agus an t-ainm atá ar an bpoll sin a ndeacha an deatach amach, poll deathaigh.
Ní biodh acht fuinneoga beaga ins na tighte údh agus cearnóg amhain a biodh sa bfhuinnéog.
Ní biodh acht doras amháin sa dteach agus nuair biodh muinntir ag dul a chodladh do chuiridis an maid Eamuinn leis an doras mar sin é an t-ainm a biodh ar an glás.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim an Doire, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fhinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Droim an Doire, Co. Mhaigh Eo