Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)

Suíomh:
An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán de Crúis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 183

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 183

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Log Buidhe
  2. XML Leathanach 183
  3. XML “Éadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí níos mo tailliúir sa gceanntair seo san am fadó na mar atá i lathair na h-uaire. Nuair bíodh ar éadaighe do dheanamh chuiridís fíos ar an tailliúir theacht chuig an teach agus na h-eadaighe a dhéanamh. Theigheadh an táilliur ó theach go teach go réir mar cuireadh an daoine fios air.
    Dúbhairt m'athair liom gur chuala sé go mbídis na buachaillí, suas le fiche bliadhain sul a gheobhaidís bríste, cóta a bhíodh aca agus bhídís adhamhail sin féin a bheith aca.
    Nuair thagadh an tailliúir isteach idteach chuididís fáilte roimhe agus thugaidís doras do no bord láidir má bhíodh sin aca le in-a chuid oibre a dheanamh casóige no rud eile.
    San t-am úd nó bhíodh inneall fuághóla ag tailliúir agus bhíodh air an t-éadach do fhuagháil é féin. Thugadh bean a' tighe snáthad is snáth dho Sé an saghas éadaighe bhíodh aca bréidin agus plainín. Casóga Breídín a bhíodh aca, ag na fir, agus bhí casóg aca ar a thugaidís air "bainín"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Threinnseach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó hÉineacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo