Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 096
- XML “Fear Cáiliúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I measg an sluagh a thainigh bhí Paidín agus nuair thainigh an feilméar amach dubhairt sé leis "Caithfidh tú bealadh a chur fa do iascaidí anois, mar tá mo chol-ceathar ag teacht agus tá faitchiós orm go sareóchaidh sé thú."
"Fan go foill" arsa Paidín, "iompuigheann an taoide go minic."
I gceann tamaill thainigh an fear óg agus chromadar go léir ar an obair.
Go deimhin níor bhréag é arádh go raibh sé in a fhear laidir.
Acht dhá laidire dá raibh sé bhuaidh Páidin air agus muna raibh áthas ar na fir ní lá [?] go fós é. Thainigheadar go léir isteach annsin agus bhí "togha gach bídh is sean gach digh[e"] aca. I gceann trí h-úaire bhí an moínfhéir bainte aca agus ar imtheacht do Phaidín rinne an duine uasal ina fhear ceannais ar a áit ar fad é.- Bailitheoir
- Sighle Ní Threinnseach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cuirrín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo