Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 059
- XML “Ainmneacha Áitiúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I ngach páirc is gort is cnocán i mbaile s-againne tá ainm ar leith orra agus tá na h-ainmnneacha sin beo imeasg na ndaoine chómh maith is bhíodar ariamh.Tá pairch againn agus cnoch beag in a lár agus tugtar an t-ainm " Cnocán na Muice " air. Fadó bhíodh much ag tochailt ar an gcnoc sin.Tá cnoch eile agus tugtar an t-ainm " Cnocán na Mná Side ". Deirtear go mbíodh sidheóga ar an gcnoch agus sin é an fáth ar tugadh an t-ainm sin air.Tá páirch in-aice na h-abhann agus an tainm atáuirri " Poll Clocáin ". Tá clocán treasna na h-abhann agus sin é an caoí a bfuair sé a ainm.Páircín an Tobair:- Páirc beag a bhfuil tobar in a lár.Mullach Árd a tugtar ar páirc eile mar tá cnoch mór ann.Tá portach sgathamh maith uainn agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Eoghain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás O Lochnáin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo