Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 036
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit Ainmneacha.Bhíodh go leor ainmneacha ag na sean daoine ar pháirceanna is gort is tobar, agus is deas na h-ainmmeacha íad. Cuireadh na (h-ainmn) h-ainmneacha ar na h-áiteanna sin na mílte bliadhain ó shion. [!]
Tá tobar in gar dom agus tugtar tobair a' phortaigh air.
Sé an fáth a tugadh an t-ainm sin air, mar bhí portach annsin fadó agus bhaineadh na comhursanna mhóin ann.
Maidean amháin nuair chuaidheadar chuig an phortach céard do chonnaiceadar in aice leis acht tobar fíor uisge. Do chuireadar an t-ainm tobar a' phortaigh air annsin, agus tá sé ann go dtí an lá atá indiu ann.
Tuairim is leith mhíle uaim, tá baile ar a tugtar Carraig a' Chait.
Bhí carraig mhór annsin fadó agus gach oidhche thagadh timcheall is fiche cat fiadháin thart air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosaimhín Ní Flaitle
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Corr na Ceárta, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac an Tuile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Corr na Ceárta, Co. Mhaigh Eo