Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rusgaigh (2)
  2. XML Leathanach 146
  3. XML “Seanfhocla agus an Bhrí atá leo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    16. Is fearr an troid ná an t-uaigneas. Is fearr do dhuine duine eile a bheith sa teach leis agus troid a bheith eatarthu anois is arís ná a bheith ina aonar.
    17. Nuair a thagann an bochtanas isteach an doras téann an grá amach an fhuinneog. An lánúin atá sách sóch bíonn siad go ceanúil grámhar lena chéile, ach nuair a éiríonn siad bocht imíonn an cion agus an grá.
    18. An té atá thuas óltar deoch air is an té atá thíos buailtear cos air. An duine a bhíonn saibhir bíonn cairde go leor aige agus ólann siad a shláinte, agus an duine atá bocht ní bhíonn na daoine cairdiúil leis ar chor ar bith, agus in ionad deoch a ól air, buaileann siad cos air chun é a dhéanamh níos measa fós.
    19. Is maith le Dia féin cúnamh. Is ceart do gach duine a chuid féin den obair a dhéanamh agus gan a bheith ag súil go ndéanfaidh Dia an obair ar fad.
    20. Níor dhún Dia bearna riamh nár oscail Sé ceann eile. Níor chuir Dia brón agus donas ar dhuine riamh nár chuir sé bród agus sonas air uair eile.
    21. Beatha duine a thoil. An rud is maith le duine is maith dó é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge