School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)16. Is fearr an troid ná an t-uaigneas. Is fearr do dhuine duine eile a bheith sa teach leis agus troid a bheith eatarthu anois is arís ná a bheith ina aonar.17. Nuair a thagann an bochtanas isteach an doras téann an grá amach an fhuinneog. An lánúin atá sách sóch bíonn siad go ceanúil grámhar lena chéile, ach nuair a éiríonn siad bocht imíonn an cion agus an grá.18. An té atá thuas óltar deoch air is an té atá thíos buailtear cos air. An duine a bhíonn saibhir bíonn cairde go leor aige agus ólann siad a shláinte, agus an duine atá bocht ní bhíonn na daoine cairdiúil leis ar chor ar bith, agus in ionad deoch a ól air, buaileann siad cos air chun é a dhéanamh níos measa fós.19. Is maith le Dia féin cúnamh. Is ceart do gach duine a chuid féin den obair a dhéanamh agus gan a bheith ag súil go ndéanfaidh Dia an obair ar fad.20. Níor dhún Dia bearna riamh nár oscail Sé ceann eile. Níor chuir Dia brón agus donas ar dhuine riamh nár chuir sé bród agus sonas air uair eile.21. Beatha duine a thoil. An rud is maith le duine is maith dó é.(continues on next page)