School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 162
  3. XML “Pisreoga a Chleachtaítear sa gCeantar Seo Fós (Ceantar Chnoic Mhuire)”
  4. XML “Pisreoga a Bhaineas le Sochraidí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Ní ceart do dhuine coscadh ar an gcomharsain uisce a fháil ón tobar. Má chuirtear cosc air, triomóidh an tobar, a deirtear.
    2. Comhartha drochratha é salann a dhoirteadh.
    3. Tagann mí-ádh seacht mbliana ar dhuine má tharlaíonn dó scáthán a bhriseadh.
    4. Cuirfear mí-ádh air ar an aistear má chastar bean rua le duine.
    5. Ní thagann séan as pósadh a dhéantar le linn na Bealtaine.
    6. Ní ceart éadaí nua a chaitheamh ag dul ar sochraid duit munar chaith tú ag dul ar an Aifreann ar dtús iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 1. Nuair a bhíonn duine ag fáil bháis sa teach is ceart stop a chur le gluaiseacht an chloig, agus má bhíonn gaolta i láthair is ceart dóibh dul amach ón teach ar eagla go dtógfaidís an galar.
    2. Má bhíonn uachtar ramhar le haghaidh maistrithe sa teach nuair a gheibheann duine bás is ceart an t-uachtar a chaitheamh amach agus gan a mhaistreadh ar chor ar bith.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish