School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 145
  3. XML “Seanfhocla agus an Bhrí atá leo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dhuine.
    8. Níl saoi gan locht. Níl duine ar bith gan a lochta féin.
    9. Is maith an t-anlann an t-ocras. An té a mbíonn ocras air bíonn faobhar ar a ghoile agus cuireann sé sin blas ar chuile shórt bia.
    10. An té nach bhfaigheann an fheoil is breá an só leis an t-anraith. An duine nach mbíonn bia maith le fáil aige bíonn meas mór aige ar bhia réasúnta maith.
    11. Ná beannaigh don diabhal go mbeannaíonn sé duit. Ná bí ag súil le mí-ádh nó é a mhealladh chugat go dtagann sé.
    12. Ná déan deimhin de do dhóchas. Ní féidir a bheith cinnte d’aon rud go mbíonn sé agat. Is ionann é agus Ná comhairigh na sicíní sula dtagann siad amach.
    13. Is fearr dreoilín sa dorn ná corr ar cairde.
    14. Is fearr éan sa lámh ná dhá éan ar an gcrann. Tá an chiall chéanna ag an dá cheann seo – is fearr an rud beag atá agat ná an rud mór nach bhfuil ach geallta duit.
    15. Ní haitheantas go haontíos. Ní féidir aithne cheart a chur ar dhuine gan a bheith in do chónaí sa teach céanna leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish