School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 165

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 165

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 165
  3. XML “Pisreoga a Bhaineas le Bainis”
  4. XML “Pisreoga a Bhaineas le Baisteadh agus Leanbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a hathar, agus bíonn ‘spraoi’ mhór ann de ghnáth.
    6. Is ceart an tlú agus seanbhróg a chaitheamh i ndiaidh cailín ar dul chun a pósta di, le rath agus séan a chur uirthi.
    7. Ní ceart do chailín gléas a pósta a thaispeáint d’éinne go dtí lá an phósta.
    8. Nuair a bhíonn an iníon is sine á pósadh is ceart don mháthair braitlíní nó éadaí cláir nó plaincéid a rinneadh sa mbaile a thabhairt mar bhronntanas di.
    9. Lastar punnán coirce ag déanamh áthais nuair a bhíonn lánúin nua-phósta ag filleadh abhaile ón séipéal.
    10. Má tharlaíonn go mbristear cuid ar bith de ghléas an chapaill nuair a bhíonn na carranna ag filleadh abhaile ón séipéal tar éis an phósta deirtear gur mí-ámharach an rud é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 1. Is ceart cuid de shalann an bhaiste a fháil sa séipéal agus cuid de a thabhairt abhaile.
    2. Is cóir trí bhraon ola castair a thabhairt do leanbh sula ligtear amach as an teach é lá a bhaiste.
    3. Ní ceart ingne linbh a ghearradh go mbíonn an leanbh bliain d’aois. Má ghearrtar roimh an am
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. birth (~49)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Chorraidhe
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir