School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 147
  3. XML “Seanfhocla agus an Bhrí atá leo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    22. Is lia gach othar tar éis a leighis. Ceapann duine a bhí tinn agus faoi chúram an dochtúra go bhfuil oiread eolais ar thinneas is galar aige féin anois is atá ag an dochtúir.
    23. I dtosach na haicíde ná bí mall; níl brí sa luibh nach bhfaightear in am. Nuair a thagann tinneas ar dhuine is ceart féachaint le leigheas a chur air a thúisce is a thugtar faoi deara an galar, mar go minic ní bhíonn leigheas ar bith don ghalar ar ligeadh dó fás agus láidriú sa duine.
    24. Cailín ag Mór agus Mór ag iarraidh déirce.
    25. Síoda ar Shiobhán agus preabáin ar a hathair. Baineann an dá sheanfhocal seo le daoine a mbíonn galántacht agus éirí in airde ar siúl acu agus nach acmhainn dóibh é.
    26. Nuair a théas an gabhaar go teampall ní stadann go haltóir. Deirtear é seo faoi dhaoine nach eol dóibh cathain is ceart dóibh teora a chur le saoire nó cead a gheibheann siad.
    27. Cuir síoda ar ghabhar is is gabhar fós é.
    28. Briseann an dúchas trí shúile an chait.
    29. Ní dhéanfadh an saol capall ráis d’asal.
    30. Ní féidir sparán síoda a dhéanamh as cluas seanchránach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish