School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 118

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 118
  3. XML “Aontaí sa gCeantar Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa mbaile mór is mó a bhíonn an t-aonach ar siúl, ach anois is arís cloistear faoi áiteacha faoin tuath a mbíonn aonach iontu. Bhí aonach sa sráidbhaile anseo againn – i gCnoc Mhuire – tuairim daichead bliain ó shin. Sa bpáirc sin atá idir teach Uí Ghruagáin agus teach Uí Éanacháin a bhíodh an t-aonach bailithe, agus ní thugtar ar an bpáirc seo fós ach ‘Páirc an Aonaigh’. Is le Séamas Ó hÉanacháin an pháirc sin anois, ach fear darbh ainm Tomás Ó Corraí a bhí i seilbh na feirme sin in aimsir an aonaigh. Beithígh – ba, laonna agus caoirigh – agus muca a dhíoltaí ar an aonach sin. Bhíodh aonach na mbeithíoch ann lá amháin agus lá eile bhíodh aonach na muc ann, mar a bhíonn fós i roinnt mhaith áiteacha. Uair sa mí a thionóiltí an t-aonach. Ní raibh aonach do chapaill ar chor bith, mar is beag capall a chothaítí sa gceantar seo daichead nó caoga bliain ó shin de bhrí nach raibh ach feirmeacha beaga ag formhór na ndaoine. Éinne a mbeadh capall dá chuid féin aige mheastaí gurbh fhear saibhir – fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish