School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Filter stories

Back
/ 173 Forward
Resolution: Low | High
Leigheasanna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

1. Creideann a lán san áit seo go bhfuil leigheas don ghalar marfach sin, cancer [.i. ailse], le fáil as subh an chaisearbháin.

2. Má bhíonn triuch ar leanbh is cóir bainne a thabhairt do fhiréad le n-ól agus an chuid den bhainne a fhágann sé a thabhairt don leanbh breoite. Leigheasfaidh an rud seo é a deirtear.
3. Má chraitear gairleog nó oiniún gearrtha in áit ar bith sa teach coinneoidh siad galar ón teach, meastar.
4. Tá leigheas do sprain i snáth fíodóra a deirtear.
5. Creidtear san áit seo go bhfuil leigheas i bhfuil duine ar bith den sloinne Creithin do bholscóid mhór a dtugtar ‘an Rós’ air. Ní bréag ar bith é seo, mar tá aithne agam féin ar fhear a raibh an éalang seo air agus a fuair leigheas ó bhraon fola as duine de mhuintir Chreithin i gCluain Mór – trí mhíle slí ón scoil seo. Seán Ó Flaitile, comharsa bhéal dorais liom, an fear a leigheasadh, agus tá sé faoi láthair

(continues on next page)
Language
Irish