School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 167
  3. XML “Pisreoga a Bhaineas le Bainne agus Maistreadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Cheapadh na seandaoine gurbh fhéidir le duine im na bó a ‘bhreith’ leis. D’a mb’áil le duine an t-im a ‘bhreith’ ó bhainne na comharsan, rachadh sé taobh amuigh de chúldoras na comharsan nuair a bheadh an chomharsa ag maistreadh agus scuabfadh sé leis trí shop tuí ón díon os cionn an chúldorais. Dhéanfaí seo i ngan fhios don té a bheadh ag maistreadh, agus sa tslí sin ghoidfí an t-im ón mbainne agus ní thiocfadh im ar an gcuinneog cuma cén fhaid a bheadh sé ag maistreadh.
    2. Ní ceart splanc tine a thabhairt amach as an teach nuair a bhíonn maistreadh ar siúl.
    3. Má thagann duine isteach sa teach nuair a bhítear ag déanamh cuiginne is ceart dó cúpla buille a bhualadh leis an loine ar eagla an t-im a ghoid.
    4. Is ceart gráinne salainn a chur ar chlár na cuinneoige sula dtosaítear ag maistreadh chun an drochspioraid a choinneáil amach.
    5. Má thugtar bainne don chomharsain gan a cheannacht is ceart trí bhraon uisce a chur ann leis an im a choinneáil ar bhainne na bó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish