Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Ná lig do leas ar cairde. Nuair a fheiceann tú seans a dhéanfaidh maith duit féin, ná lig an seans sin thart mar b’fhéidir nach bhfaighfeá arís go deo é.2. Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Is cuma cá dtéann duine agus is cuma na radharcanna áille a fheiceann sé is an saol breá a bhíonn aige i gcéin, éireoidh sé tuirseach díobh go léir agus sa deireadh beidh sé ag tnúth lena áit dúchais féin.3. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Más mian leat go ndéanfadh daoine óga rud ort mol go mór iad is déanfaidh siad go toilteanach é. 4. Ní féidir ceann críonna a chur ar cholainn óg. Ní bhíonn ciall ag an duine [nó] go mbíonn an aois aige.5. Ní thagann ciall roimh aois. An bhrí chéanna leis is atá ag Uimh. 4.6. Níor bhris focal maith fiacal riamh. Is ceart dúinn an rud maith a rá i dtaobh daoine eile i gcónaí.7. Is minic a bhris an teanga an tsrón. Is minic a tharraing a chuid cainte troid ar(leanann ar an chéad leathanach eile)