Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rusgaigh (2)
- XML Leathanach 164
- XML “Pisreoga a Bhaineas le Sochraidí”
- XML “Pisreoga a Bhaineas le Bainis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)9. Tugtar ‘fóidín mearbhaill’ ar an áit sa talamh a leagtar cónra air. Má shiúlann duine ar an talamh sin, deirtear go rachaidh sé amú.10. Ní ceart láir atá ag breith a chur faoi charr a iompraíonn cónra.
- 1. Nuair a bhíonn cailín ag dul chun a pósta is ceart caor thine mharbh agus pinse salainn a cheangal i gcúinne dá gúna.2. Ag dul chun a pósta di ba chóir do chailín ‘rud éigin sean, rud éigin nua, rud éigin ar iasacht agus rud éigin gorm’ a chaitheamh (‘Something old, something, something borrowed and something blue’).3, Is ceart bean phósta a bheith i bhfochair chailín ar dul chun a pósta di.4. Ní théann cailín sa gcarr leis an bhfear ag dul chun an tséipéil ach tagann sí sa gcarr leis tar éis an phósta.5. Tar éis an phósta téann an cailín go dtí teach a céile agus ní ceart di dul ar ais abhaile ar cuairt go ceann míosa. ‘Cuairt na míosa’ a thugtar ar an gcéad chuairt a thugann sí ar theach(leanann ar an chéad leathanach eile)