Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rusgaigh (2)
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Beatha na nDaoine Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ina dhiaidh sin. Tá a ainm greamaithe ar an leacht cuimhneacháin atá in aice an tséipéil i gCnoc Mhuire – an leacht a tógadh i ndilchuimhne na laochra ón áit seo a thug a n-anam ar son na hÉireann sa mbliain 1798.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá a fhios gurb é an bia ‘capall na hoibre’. Bhí a fhios sin ag ár sinsir romhainn, agus go ndearna siad seo is siúd b’éigean dóibh bia a chaitheamh mar a dhéanaimidne. Ní ón aer agus ón ngrian amháin a fuair siad ‘neart na ngéag agus luath na mball’.
    Trí bhéile a d’ithidís gach lá de ghnáth, agus bhí tithe nach mbeadh le fáil iontu ach dhá bhéile sa lá. San am fadó bhíodh an bricfeasta réidh idir a hocht agus a naoi a chlog ar maidin, ach ní suí chun boird an chéad rud a dhéanadh na fir tar éis éirí ach breith ar láí nó píce nó speal agus dul amach ag obair a fhaid is a bheadh an an bricfeasta – an leite, min choirce – ag bruith sa scilléad cois tine. Thagadh siad isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge