Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rusgaigh (2)
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “Pisreoga a Bhaineas le Bainne agus Maistreadh”
  4. XML “Pisreoga ag Baint le Samhain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    6. Ní ceart bláthach na chéad cuiginne a deantar le bainne bó atá taréis breith a thabhairt d’aoinne.
    7. Nuair a crúidhtear do'n chéad uair bó atá taréis breith is ceart í a coisreacadh le splanc teineadh. Is ceart an splannc do chur tart timcheall na bó trí h-uaire.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Pisreóga ag baint le Samhain
    1. Sa tsean-aimsir théigeadh na cailíní isteach i ngarrdha an chabáiste agus stracaidís tor cabáiste an duine. Dá bfághadh cailín gas cam ar thór deirtí go bpósfadh sí fear cam agus dá bhfágadh sí gas díreach ar an tor fear árd díreach a phósfadh sí. Oidhche Shamhna a ghníthí é sin.
    2. Dá dtéigheadh cailín faoi dhris a mbéadh a dhá cheann sáithte sa talamh deirtear go bhfeicfeadh sí i mbrionglóid. Oidhche Shamhna an fear a phósfadh sí.
    3. Is ceart pláta "ceallaí" a fhágáil lasmuigh ar leac na fuinneóige Oidhche Shamhna i dtreó is nach mbéidh ocras ar na sidheóga.
    4. Ní ceart d'aoinne dul amach in a aonar an oidhche sin ar eagla go mbéarfadh na sidheóga leis é.
    5, Cuireann na púcaí agus na sídheóga séile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge