Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 124

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 124

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rusgaigh (2)
  2. XML Leathanach 124
  3. XML “Aontaí sa gCeantar Fadó”
  4. XML “Tiarnaí Talún, Tionóntí agus Díshealbhú sa gCeantar Seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ach beirt chailleach agus gabhar an duine leo. Tugadh ‘Aonach an Dá Chailleach’ ar an aonach áirithe sin, agus tá daoine sa gceantar fós a bhfuil cuimhne mhaith acu ar an lá sin. Muintir Beatty as Manainn a bhailíodh an custam. Cónaíonn a sliocht i mBaile Átha Cliath anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 'Sé Tighearna Dioluín a bhí i gceannas an cheanntair seo. I Lonnduin Shasana is mó chomhnuigh sé ach tháinig sé annso ó am go h-am. Tuairim is ocht mbliana tríochadh ó shoin 'seadh cheannuigh an Rialtas an talamh ó'n tighearna talmhan seo. B'é Charles Strickland an príomh-stiúrthóir a bhí ag an Diolúnach sa gceanntar seo, agus i Loch Glinne a chomhnuigh sé. Bhí Hussey agus Jackson mar fó-stiurthóirí aige. D'íocadh na tionóintí an cíos le Hussey i mBéal Átha h-Amhnais agus uaireannta bailightí an cíos le h-aghaidh an Tighearna Diolúin i dteach Chárthaigh annso i gCnoc Mhuire. Bhí cíos trom ar na daoine an t-am sin. Daoine nach bhfuil ach 7 nó 8 sgillinge de chíos ortha anois, bhíodh idir ceithre púnt agus cúig púnt le díol aca an t-am sin. Bhí muinntir Diolúin in a dtighearnaí talmhan ó chianaibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge