Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rusgaigh (2)
- XML Leathanach 106
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gheall ar a mhór-neart. Ní miste a rá anseo (ó thagann sé chugam) gur duine de na Fíníní Sean-Séamas. Faoin am céanna bhí fear de mhuintir Chearúill i gCoillte Mach agus rug sé an chraobh leis i gcúrsaí nirt sa bparóiste sin. Chuala an Cearúllach trácht ar an ngaiscíoch seo a bhí i gCnoc Mhuire agus thug sé dúshlán d’Ó Corraí teacht go Coillte Mach lá áirithe féachaint arbh é féin nó Ó Corraí an fear ba láidre. Ghlac Ó Corraí an cuireadh agus d’imigh leis go dtí an baile mór an lá a bhí socraithe. Casadh ar a chéile é féin agus an Cearúllach agus is é an ‘deoch muinteartha’ i dteach tábhairne an chéad rud a bhí acu. Le linn dóibh a bheith ag ól d’fhiafraigh an Cearúllach de Shéamas arbh fhéidir leis a neart a thaispeáint ar shlí ar bith gan dul as an seomra. Bhí bord idir an bheirt agus ar an mbord sin bhí crúiscín déanta de mhiotal (pewter) agus leathghalún leanna ann. Mar fhreagra ar an gceist rug Séamas ar an gcrúiscín agus bhrúigh sé isteach na taobhanna lena dhá lámh i dtreo gur caitheadh an leann go léir a bhí sa gcrúiscín in aghaidh shíleáil an tseomra. Bhí an crúiscín briste brúite anois. Ba leor sin don Chearúllach. Chraith sé lámh le hÓ Corraí ag rá leis: ‘Tá an comórtas thart. Tá gníomh déanta agat anois nach bhféadfainn a dhéanamh, agus ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chorraidhe
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)