Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rusgaigh (2)
- XML Leathanach 107
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ábhar sin admhaím gur tusa an duine is fearr agus is láidre’ Is é sin le rá gurbh é Ó Corraí an fear ba láidre sa dá pharóiste an t-am sin.
Liam Mac Cárthaigh [=William Carty], as Ceathrú Mhór, a fuair bás timpeall fiche bliain ó shin, thuill sé clú agus cáil mar choisí sa gceantar seo. Ba fhéidir leis naoi nó deich míle bóthair a chur de taobh istigh d’uair an chloig agus gan de ghléas aige ach a dhá chos láidre lúfara.
Tá trácht ar bhean darbh ainm Ní Dhúnaí as Facefield [=Gort an Éadain], achar beag ó Mhainistir Mhaigh Eo agus deirtear nach raibh a sárú mar choisí le fáil sa taobh tíre seo. Tá sí marbh leis na blianta anois ach tá a sliocht sa gceantar sin fós. Maidin amháin d’éirigh sí, rinne sí obair an tí, chrúigh sí na ba agus thiomáin amach sa bpáirc iad. Ansin bhuail sí uimpi a seáil, thug léi a sparán agus greim le n-ithe agus stad ná cónaí ní dhearna sí gur shroich sí barr Chruach Phádraig, áit a bhí breis agus fiche míle óna háit chónaithe. D’fhan sí ar bharr na Cruaiche go raibh an oilithreacht thart, agus ansin ar ais léi arís de shiúl a cos gur thiomáin sí isteach is gur chrúigh sí na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chorraidhe
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)