School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 106

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 106

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 106
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gheall ar a mhór-neart. Ní miste a rá anseo (ó thagann sé chugam) gur duine de na Fíníní Sean-Séamas. Faoin am céanna bhí fear de mhuintir Chearúill i gCoillte Mach agus rug sé an chraobh leis i gcúrsaí nirt sa bparóiste sin. Chuala an Cearúllach trácht ar an ngaiscíoch seo a bhí i gCnoc Mhuire agus thug sé dúshlán d’Ó Corraí teacht go Coillte Mach lá áirithe féachaint arbh é féin nó Ó Corraí an fear ba láidre. Ghlac Ó Corraí an cuireadh agus d’imigh leis go dtí an baile mór an lá a bhí socraithe. Casadh ar a chéile é féin agus an Cearúllach agus is é an ‘deoch muinteartha’ i dteach tábhairne an chéad rud a bhí acu. Le linn dóibh a bheith ag ól d’fhiafraigh an Cearúllach de Shéamas arbh fhéidir leis a neart a thaispeáint ar shlí ar bith gan dul as an seomra. Bhí bord idir an bheirt agus ar an mbord sin bhí crúiscín déanta de mhiotal (pewter) agus leathghalún leanna ann. Mar fhreagra ar an gceist rug Séamas ar an gcrúiscín agus bhrúigh sé isteach na taobhanna lena dhá lámh i dtreo gur caitheadh an leann go léir a bhí sa gcrúiscín in aghaidh shíleáil an tseomra. Bhí an crúiscín briste brúite anois. Ba leor sin don Chearúllach. Chraith sé lámh le hÓ Corraí ag rá leis: ‘Tá an comórtas thart. Tá gníomh déanta agat anois nach bhféadfainn a dhéanamh, agus ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Chorraidhe
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir