Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rusgaigh (2)
- XML Leathanach 105
- XML “Seanscoileanna an Cheantair Seo”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar siúl ag na múinteoirí seo ar feadh an lae agus san oíche. Is é an teagasc céanna a thugaidís sa lá agus san oíche. Is amhlaidh a bhíodh an oiread sin scoláirí ag teacht ar na gearrscoileanna seo nach raibh slí dóibh go léir sa teach nó sa scioból ag an am céanna. Dá bhrí sin, thagadh a leath de na scoláirí ar feadh an lae agus an leath eile san oíche. Na scoláirí a tháinig ar feadh an lae lá amháin, b’iad sin na scoláirí a thiocfadh san oíche an lá ina dhiaidh sin.
- Is minic a d’inis Mícheál Ó Beirn (nach maireann), as Baile an Sciacháin [=Wingfield = bf An Droim], an scéal a leanas. Bhí fear ann san ochtú haois déag. Seanathair do m’athair ab ea é, agus is é Séamas Ó Corraí an t-ainm a bhí air. Chónaigh sé i gCluain Déise, baile beag atá cúpla céad slat ó shéipéal Chnoc Mhuire. Is san áit chéanna a rugadh m’athair, agus chónaigh sé ann freisin go dtí gur pósadh é. Bhí ainm an tseanfhir seo in airde ar fud an pharóiste mar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chorraidhe
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)