School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar siúl ag na múinteoirí seo ar feadh an lae agus san oíche. Is é an teagasc céanna a thugaidís sa lá agus san oíche. Is amhlaidh a bhíodh an oiread sin scoláirí ag teacht ar na gearrscoileanna seo nach raibh slí dóibh go léir sa teach nó sa scioból ag an am céanna. Dá bhrí sin, thagadh a leath de na scoláirí ar feadh an lae agus an leath eile san oíche. Na scoláirí a tháinig ar feadh an lae lá amháin, b’iad sin na scoláirí a thiocfadh san oíche an lá ina dhiaidh sin.
- Is minic a d’inis Mícheál Ó Beirn (nach maireann), as Baile an Sciacháin [=Wingfield = bf An Droim], an scéal a leanas. Bhí fear ann san ochtú haois déag. Seanathair do m’athair ab ea é, agus is é Séamas Ó Corraí an t-ainm a bhí air. Chónaigh sé i gCluain Déise, baile beag atá cúpla céad slat ó shéipéal Chnoc Mhuire. Is san áit chéanna a rugadh m’athair, agus chónaigh sé ann freisin go dtí gur pósadh é. Bhí ainm an tseanfhir seo in airde ar fud an pharóiste mar(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Chorraidhe
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir