Scoil: Craig Dhubh

Suíomh:
An Chreig, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Mac Giobúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 445

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 445

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Craig Dhubh
  2. XML Leathanach 445
  3. XML “An Leipreachán i gCill Chiarán, Cill Mheadhon”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Leipreacán
    I gCill Chíarán Cill Mheadhon
    Lá amháin bhí m'aintín ag tóraidheact caorach i bpaircín Aoibinn Árd i gCill Cíaráin. Do cúala sí glór taobh istigh den claidhe agus léim sí isteach Núair a bhí sí istig céard a chonnaich sí acht an leipreacán Bhí casóigín dearg air agus bríste glún. Bhí caipín Ard caol air mar bheadh ar sídheóg. Ní raibh sé ag déanamh dada acht in'a suidhe cois chlaidhe. Do sheas sí ag féachaint air agus bhí seisean ag feacaint uirrí.
    Do thosuigh sé ag rádh "Imtheócaidh mé" "Imteócaidh mé".
    Do shín sé amach a mhéirín agus d'féach m'aintín. Núair a dféach sí ar arís ní raibh sé ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. leipreacháin (~1,007)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Annie Bourke
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceapach Ghofraidh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mrs Bourke
    Inscne
    Baineann