Scoil: Craig Dhubh
- Suíomh:
- An Chreig, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Mac Giobúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Craig Dhubh
- XML Leathanach 414
- XML “Feenone”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bportach mór atá toir Cruaic Pádhraic agus Maol Réidh in aice "Feenone". Bhí Diarmuid agus Gráinne rompa i "bFeenone" agus gan mórán seans aca ealó an úair seo. Cheap Diarmuid an chleas seo. Rinne sé an dá leabaidh Diarmuda seo, ceann sa bfraoch agus ceann sa ngaineamh os a chomhair. Líon sé dhá mhála - ceann de'n fhraoch agus ceann de ghaineamh. Shocruigh sé a mhála fraoigh sa leabaidh Dhiarmuda a bhí sa ngaineamh agus an mála gainimh sa leabaidh a bhí bhfraoch ag an gceann eile de'n bhaile sa bportach. Gach ré oidhche chodluigheadh sé féin agus Gráinne in gach leabaidh.Thosuigh Fionn agus an Fhian ag cuartú na h-áite acht theip ortha teacht ar an mbeirt a bhí i bfolach. Nuair a bhí ag cinnt ar Fhinn d' eirigh sé an-corruighthe agus chuimhnigh sé ar an "bfiacal feasa". Chuir sé a ordóg faoí agus d' fáisg sé i lár oidhche airithe agus dhún sé a shuile.
"Feicim iad" ar seisean "in a gcodladh ar leabaidh gainimh". Amach cuartuighidh cois fairrge! Rinne an Fhian amhlaidh acht ní bhfuair siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Mac Guibiún
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- John Kerrigan
- Inscne
- Fireann