School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 40
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhain sé an lámh amach as brollach na giorrsaighe. Chaith sé an lamh amach ar an doras, agus d’imthigh an lamh gur ghreamuigh sí arais ar an bhean ar baineadh díthe í. D’fhan an doctúir Fionn ar an oileán agus phós sé an ghiorrsach. D’fan sé cúpla bliadhain ar an oileán, go dtí go rabh triúr de theaghlach acu.
“Chaithfidh mise a dhul ‘na bhaile anois go bfheicfidh mé an bhfuil mo mháthair beo ar fad,” ars’ an doctúir maidín amháin.
“Creidim go gcaithfidh mise a bheith leat.” ars’ an bhean, “no ní thig liomsa fanacht annseo ‘do dhiaidh.”
“Caithfidh tú a bheith liom cinnte, agus tabhair leat na páisdí fosta,” arsa seisean.
D’fág siad an t-oileán agus shiubhal siad leo go dtáinig siad ar amharc chaisleáin mhóir a bhí ann. “Sin anois mo chaisleán-sa”, arsa an doctúir. Annsin bheir an doctúir ar an duine a ba sine de na páistí agus bhuail sé a cheann in-éadan cloiche agus mharbhuigh sé é. “Anois”, arsa seisean, le n-a bhean, “dhéanfainn sin leat fhéin, atá ide agat le fághail níos measa no sin”. Chuaidh siad giota eile ar aghaidh agus bheir sé ar an dara duine de na páistí agus rinne sé an rud céadna leis.
“Anois”, arsa seisean le n-a bhean, “dheanfainn sin leat fhéin, acht tá íde agat le fághail níos measa no sin”. Annsin bheir sé ar an leanbh a bhí léithi in a baclain, agus rinne sé leisean mar rinne sé leis an bheirt eile.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní hEaluighthe
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Bean Uí Bhranainn
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Grial, Co. Donegal