Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 40
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhain sé an lámh amach as brollach na giorrsaighe. Chaith sé an lamh amach ar an doras, agus d’imthigh an lamh gur ghreamuigh sí arais ar an bhean ar baineadh díthe í. D’fhan an doctúir Fionn ar an oileán agus phós sé an ghiorrsach. D’fan sé cúpla bliadhain ar an oileán, go dtí go rabh triúr de theaghlach acu.
“Chaithfidh mise a dhul ‘na bhaile anois go bfheicfidh mé an bhfuil mo mháthair beo ar fad,” ars’ an doctúir maidín amháin.
“Creidim go gcaithfidh mise a bheith leat.” ars’ an bhean, “no ní thig liomsa fanacht annseo ‘do dhiaidh.”
“Caithfidh tú a bheith liom cinnte, agus tabhair leat na páisdí fosta,” arsa seisean.
D’fág siad an t-oileán agus shiubhal siad leo go dtáinig siad ar amharc chaisleáin mhóir a bhí ann. “Sin anois mo chaisleán-sa”, arsa an doctúir. Annsin bheir an doctúir ar an duine a ba sine de na páistí agus bhuail sé a cheann in-éadan cloiche agus mharbhuigh sé é. “Anois”, arsa seisean, le n-a bhean, “dhéanfainn sin leat fhéin, atá ide agat le fághail níos measa no sin”. Chuaidh siad giota eile ar aghaidh agus bheir sé ar an dara duine de na páistí agus rinne sé an rud céadna leis.
“Anois”, arsa seisean le n-a bhean, “dheanfainn sin leat fhéin, acht tá íde agat le fághail níos measa no sin”. Annsin bheir sé ar an leanbh a bhí léithi in a baclain, agus rinne sé leisean mar rinne sé leis an bheirt eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní hEaluighthe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Bhranainn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Grial, Co. Dhún na nGall