Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 68

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 68

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 68
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. [-]
    Sean Sgéal
    Bhí beirt dearbhartha darbh ainm Diarmad agus Domnall na gcomhnuidhe ag a mathair fado ó shoin agus bhí siad iontach bocht. Bhí [beithiadach]? agus carr aca. Bhí dhá chruaic choirce aca fosta. Lá amháin dubhairt an mháthair le Domhnall gur ceart daobhtha ceann de na cruacha a bhualadh agus an choirce a dhíol. “Maith go leór”, arsa Domhnall. Maidin lá thar na bhárach thoisig siad agus bhuail siad an chruach, agus d’imthigh Domhnall ‘na mhargaidh trathnona le lódh den choirce. Dhíol sé é agus fuair sé luach maith air. Nuair a bhí sé ag teacht na bhaile d’eirigh sé mall air. Nuair a bhí sé ag teacht na bhaile d’éirigh sé mall air, agus chuaidh sé isteach i dteach a bhí ar an bhealach. Bhí sgaifte ag imirt cáirdí ann. d’iarr siad ar Dhomhnall suidhe síos agus cluithche a imirt shuidh sé siós. Ní rabh sé i bhfad ag imirt gur chaill sé luach an choirce. Annsin ní rabh a fhios aige caidé mar rachadh sé na bhaile,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóra Bean Uí Bhranainn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Grial, Co. Dhún na nGall