Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 3

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 3

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 3
  3. XML “Oíche Shamhna”
  4. XML “An Fear agus an Diabhal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    eile a threoradh. Theidheann siad go dtí an chruach agus théidheann siad thart uirthí trí h-uaire. Ar an triomhadh uair tarraingh-eann sé seifín. Má tharraingheann sé seifín a bhfuil cuid mhór grainín air, cé bith méid grainín a bhéas air sin an méid bliadhain go bposfar é. Ma tharraingheann sé seifín a bhfuil cáileach air béidh sé na bhaintreabhach agus má tarr-aingheann sé seifín nach bhfuil dhath ar bith air béidh sé na bhaitsileór nó má’s bean atá ann béidh sí na caileach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Fear agus an Diabhal
    Bhí fear aon uair amháin ag bhí sgaifte mór paisdí aige. Fuair a bhean bás agus (phosad) phós sé an dara bean. Bhí sé iongantach olc de’n gasúr a ba shine. Lá amháin bhí sé amuigh ag obair agus chonnaic sé an diabhal ag tarraingt air agus chuir sé ceist air caidé a bhí dhith air. “Tá,” arsa an diabhail, “An n-díolfaidh tú an gasúr sin atá agat,” “Díolfaidh” arsa an fear. Diarr an diabhal air gan innse do dhuine ar bith go dearn siad an margad sin. Dubhairt an t-athair nach n-innseocadh sé do dhuine beo é. Nuair a tháinig sé ‘na bhaile d’innis sé do a bhean caidé an margadh a bhí déanta, agus fosta nuair a thigeadh an diabhal fá choinne an ghasúra go ndéanfadh an gasúr trí sronfá i ndiaidh a chéile. Bhí an leas-mháthair iongantach buadhartha fá’n ghasúr. An oidhche na dhiaidh sin bhí siad uilig na suidhe ag déanamh a suipeara agus rinne an gasúr sronfá. An chéud cheann a rinne sé dubhairt an leas-mháthair, “Dá mbéadh do mathair fhéin beo bheirfeadh sí do anam do Muire.” Rinne sé an dara ceann agus dubhairt sise, “A leanbh dá mbéadh do mháthair féin beo bheirfeadh sí do anam do Muire.” Rinne sé an dara
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ruiseail
    Inscne
    Baineann