[-]
Sgéal.
Bhí gasúr ann aon uair amháin agus chuaidh sé ar fastadh i dteach nach rabh ann ach seanduine agus sean bhean. Ní bhéadh sé ar fastadh sa teach seo ach go dtigeadh an chuach, sin an margadh a bhí deanta.
Gasús gan comhairle a bhí sa ghasúr seo agus ní deafaidh sé a dhath dá n-iarrfaidh an seanduine nó an t-sean bean air. Bá chuma chuma caidé rud é. Ins an deireadh [déirigh] siad iongantach tuireach dó, agus ní rabh (rabh) maith daobhta iarraidh air a ghabhail na bhaile, nó ní rachadh sé daobhta. Oidhche amháin nuair a cuaidh an gasúr a luighe, dubhairt an t-seanbhean leis an t-seanduine. Cuirfidh mise an gasús na (luighe) bhaile imbharach. Rachaidh mé suas-ins an chrann sin amuigh agus racaidh mé a sheinm cosamhail leis an chuach. “Annsin abair tusa leis an gasúr go bhfuil a fastach istoigh aige”.
“Maith go leot,” arsa an seanduine “deanfaidh mise sin. Mhaidín lá thar na bharach chuaidh an t-sean-bhean suas ar an crann agus cuaidh sí a sheinm cosamhail leis an chuach. Sgairt an t-seanduine leis an gasúr, “bhí dó shuidhe go gastach nó tá an cuach ag seinm”. Cá h-áit a bfuil
(continues on next page)