School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 39
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an rud a bhí ag teacht orthu go rabh an fathach ag teacht gach aon oidhche agus ag tabhairt bean acu leis. Acht an triomhadh h-oidhche tháinig a máthair chuig an ghiorsach i mbroingleóid agus dubhairt sí léithi go dtiocfadh an fathach an oidhche sin, agus fosta, d’iarr sí uirthi nuair a thiocfadh an fathach a chloigheann a bhaint de leis an chlaidheamh.
Tháinig an fathach an oidhche sin mar bhí ariamh agus chuir sé a chloigeann isteach fríd an (dos) doras ag brath an cailín a shlogaint ach le sin fhéin chaith an ghiorsach an cloigeann de. Nuair a shil máthair an fhathaigh nach rabh sé ag teacht leath gasta go leor, agus go mb’féidir gur éirigh rud éighinteacht do, tháinig sí fhéin go dtí an t-oileán, agus chonnaic sí an fathach ‘na luighe marbh. Annsin thug sí léithí cheann an fhathaigh agus chuir sí air arais é, agus fuair sé biseach. Tamall ‘na dhiaidh sin tháinig sí go dtí an doras agus d’iarr sí ar an ghiorrsach a leigint isteach. Bhí an doras druidte agus tháinig an ghiorsach go dtí an doras agus an claidheamh in-a láimh leithi. Bhí ingne iongantach fada go deo ar an bhean seo, agus chuir sí isteach fríd an doras iad. Thug an cailín iarraidh an lámh a bhaint díthe, acht cuaidh a lamh i bfástodh i mbrollach na giorsaighe. Annsin chait an ghiorsach an lámh díthe, acht bhí bos na láimhe sáithte istoigh in-a brollach. Ní rabh doctúir ar bith ábalta an ghiorsaighe a léigeas ach dearbhráthar de’n leas-mháthair, fear darbh’ ainm an Doctúir Fionn.
Tháinig an doctúir go dtí an t-oileán, agus(continues on next page)- Collector
- Máire Ní hEaluighthe
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Bean Uí Bhranainn
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Grial, Co. Donegal