School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 97
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.
Bhí seanduine ann aon uair amhain agus bhí triúr mach aige darbh ainm Séan, Paidín agus Micheál. Bhí an seanduine iontach saidhbhir ach ní rabh fhios ag a chuid mach go rabh sé saidhbhir. Posadh na triúr mac agus chuaidh siad a comnuidhe i dtoighe daobhta féin. (Dubhairt) Dar leis an t-seanduine go rachadh se thart fríota go bhfeiceadh sé cé an bhean a gcaithfeadh sé deireadh a shaogail aici. Chuaidh sé chuig Micheal agus chuig a bhean an chead uair. Leig sé air fhéin go rabh sé iongantach deacar cuir suas leis go bfeicead sé caidé mar ghlacadh an bhean é.
Seanduine a bhí ann a rabh feasóg fada air. Lá amáin nuair a bhí an bhean agus an fear amuigh ag obair cuir sé bainne thart ar an fheasóig go leir. Nuair a tháinig an bean isteach a dheanadh réidh bidh fuair sí an seanduine na shuidhe a chois na teineadh agus a chuid feasóige lán bainne. “Ó a gaduidhe”, arsa síbhe “níl tú a gabhail a chuir a bhfuil san teach seo amudha. Bheir sí ár agus chaith sí amach ar an doras é agus ní rabh Micheal ró maith do ach oiread. Annsin chuaidh sé chuig Paidín agus chuig a bhean agus thoisigh sé air an obair ceadhna a rabh sé air sa teach eile. Lá amháin nuair a bhí Paidín agus a bhean amuigh ag obair chuir sé banne thart ar a fhéasóig mar rinne sé ariamh ag leigint air gur ól sé a shaith de. Nuair a thainig bean Paidín isteach agus chonnaic sí caidé a rinne sé dubhairt sí leis. “Nach mór(continues on next page)- Collector
- Róise Nic Aodha
- Gender
- Female