School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 76

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 76

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 76
  3. XML “Oíche Dála agus Oíche Tórramh”
  4. XML “Oíche Fhéile Bríde nó Oíche Chinn Féile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an árd dorus agus deireadh sé,-
    “Seo mhur (bhur) sláinte agus sláinte na lanamhna ó bhalla go balla agus má an dhuine sa chreataidh, Suidh agaibh”. Chaitheadh sé an cheud ghloine suas faoi urla an toighe chuig na daoine beaga. Annsin lionadh sé an gloine arais agus doladh sé fhéin é. Dimthigheadh lucht na bain’se annsin na bhaile agus nuair a bhíodh siad a dhul amach an (dru) dorus gheibheadh ‘aca’n fhear gloine uisge bheatha, nó na cailíní fíor mar ba mhian leobhtha. Ní bhíodh an dhuine fágtha ach an lanamhain agus muinntir an toighe. Chaiteadh an lanamhain deanamh as daobhtha fhéin ó sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. ‘Oidhche fhéile brighde nó oidhche chinn féile.’
    Oidhche fhéile brighde an ceann de na h-hoidhceanna is deise atá againn. Tá gnás fá leith ag baint leis an oidhche seo thar oidhche ar bith eile sa bhliadhain. I bhfad ó shoin bhíodh na daoine na dtrosgadh ó’n dó dheug. Bhíodh an brúightín réidh ag dhul ó sholus dó agus sula dtoiseoidh an dhuine ar a shuipeár dearadh ceann-urraidh an toighe. “Míle altugadh do Dhia ar son na gcúig n-arán agus an dá iasg ar na cúig mile do roinn Dia, a roinn a [?] roinn go dtaruidh chugainn ar gcuid agus ar gcomh roinn.”
    Annsin díosadh a’ca’n dhuine a shuipeár agus bheireadh ceann-urraidh an-toighe buidheacas do Dhia.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ruiseail
    Gender
    Female
    Informant
    Caitlín Bean Mhic Aodha
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Cnoc an Chaocháin, Co. Donegal