School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
![The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 41](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1057%2FCBES_1057_41.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 41
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 41
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Anois”, arsa seisean leithi, “dheanfainn sin leat fhéin, acht tá idé agat le fágail níos measa no sin”. Chuaidh an doctúir isteach ‘un toighe roimpí agus rinne sise moill bheag ag an doras. Nuair a bhí sí ag tarraingt suas comhgarach ar an doras léim cearc bheag bhreac amach ins an bhealach aici. Dubhairt an chearc léithi go rabh a beirt dheirbhshiúrach istoigh ‘sa teach agus go mbéadh luthgháir mhór orthu roimpi.
Dubhairt an chearc léithi fosta go rabh coire mór ar an teine agus é lán uisge leis an triúr acu a bhruith istoigh ann. “Anois, nuair a rachas tusa isteach”, ars ‘an chearc léithi, “iarrfaidh an t-seanbhean oraibh -mhur dtriúr- ceol a dheanamh dithe, agus an bhfuil fhios agat caidé ‘dhéanfas sibh? Fághaigidh min choirce agus deánaigidh trí bhunnóg arán-choirce de, agus cuirigidh amhrán isteach in achan cheann acu. Rachaidh an doctúir ar shiubhal a luighe agus tuitfidh sé n-a chodladh. Tá an t-sean bhean dall, agus nuair a rachas na bunnogaí a’ cheol tuitfidh sí n-a codladh.
Annsin tabhairigidh sibhse libh an dhá choileán atá ag an madadh agus imthigidh”
Chuaidh an bhean isteach agus chonnaic sí a (beirt) beirt deirbhshiúir ‘na suidhe istoigh roimpi. Bhí an t-sean bhean n-a suidhe ‘chois a’ teallaigh, agus d’imthigh an doctúir ar siubhal a luighe. Rinne achán bhean de na giorsachaí bunnóg aráin agus chuir siad amhrán isteach in(continues on next page)- Collector
- Máire Ní hEaluighthe
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Bean Uí Bhranainn
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Grial, Co. Donegal