Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Doonaha, Co. Clare
Múinteoir:
Ed J. Headtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “Nósanna Bealtaine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. AN TOR AITINN:_
    Tugtar píosa de isteach roimh éirghe gac maidin Lae Bealtaine agus crochtar ar an bhfalla é nó ar na fraghthacha chun sonas agus ad do chur ar an dtigh irith na blíana. D'fágtaí sa dtigh é go dtí deisinchán agus glanadh na Nodlag nuair do caitheadh amach é mar bhíodh sé lán de cheó agus de shalachar. "An Samhradh" a tugtar ar an dtor sin. Pé uair do baineadh an tor ní leigeadh an pisreóg dóibh an tor do thabhairt isteach go dtí an mhaidin cheart. Tá an nós curtha ar cheal anois (1938) ag gac aoinne beagnách ach chonnach buachaillí i gCill-Chaoidhe ag díol aitinn roimh Lá Bealtaine anuraidh.

    BLÁTHANNA:_
    Níor cheart bláthanna ar bith do piochadh ar lá Bealtaine

    TOBRACHA:-
    Glantar íad ar an lá sin le h-aol agus cuirtear pinnse salainn ionnta ar lá Bealtaine. Leantar den nós sin fós.

    BA:-
    Má bhíonn an aimsear oiriúnach dóibh leigtear na ba amach ar an lá sin.

    ALTÓIRÍ:-
    Deineann na páistí Áltóirí beaga sa tigh irith na míosa, cuirtear dealbh na Maighdine Muire, bláthanna, lámpa an Chroidhe Naomhtha agus coinnle airthí. Deirtear paidreacha ós a cómhar amach gac lá.

    BA & BAINNE:-
    Bíodh daoine ag crúdh bó na gcómharsan nó ag goid bainne ó n-a n-uachtarlainn ar mhaidin lae Bealthaine. Creidhtí go mbíodh bainne na gcómharsann aca féin irith na blíana annsan cómh maith le n-a gcuid féin. Ní chreidhtear nó ní leantar den nós anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. May (~639)
    Teanga
    Gaeilge