School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- AN TOR AITINN:_Tugtar píosa de isteach roimh éirghe gac maidin Lae Bealtaine agus crochtar ar an bhfalla é nó ar na fraghthacha chun sonas agus ad do chur ar an dtigh irith na blíana. D'fágtaí sa dtigh é go dtí deisinchán agus glanadh na Nodlag nuair do caitheadh amach é mar bhíodh sé lán de cheó agus de shalachar. "An Samhradh" a tugtar ar an dtor sin. Pé uair do baineadh an tor ní leigeadh an pisreóg dóibh an tor do thabhairt isteach go dtí an mhaidin cheart. Tá an nós curtha ar cheal anois (1938) ag gac aoinne beagnách ach chonnach buachaillí i gCill-Chaoidhe ag díol aitinn roimh Lá Bealtaine anuraidh.
BLÁTHANNA:_Níor cheart bláthanna ar bith do piochadh ar lá Bealtaine
TOBRACHA:-Glantar íad ar an lá sin le h-aol agus cuirtear pinnse salainn ionnta ar lá Bealtaine. Leantar den nós sin fós.
BA:-Má bhíonn an aimsear oiriúnach dóibh leigtear na ba amach ar an lá sin.
ALTÓIRÍ:-Deineann na páistí Áltóirí beaga sa tigh irith na míosa, cuirtear dealbh na Maighdine Muire, bláthanna, lámpa an Chroidhe Naomhtha agus coinnle airthí. Deirtear paidreacha ós a cómhar amach gac lá.
BA & BAINNE:-Bíodh daoine ag crúdh bó na gcómharsan nó ag goid bainne ó n-a n-uachtarlainn ar mhaidin lae Bealthaine. Creidhtí go mbíodh bainne na gcómharsann aca féin irith na blíana annsan cómh maith le n-a gcuid féin. Ní chreidhtear nó ní leantar den nós anois.