School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 346

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 346

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 346
  3. XML “Arán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhíodh alán saghasanna bídh ag na daoine - leite, nó praiseach agus min choirce beirbhthe ar uisge, bocstaig cistí déanta de phrataí agus iad beirbhthe in uisge. An mhaidin in a dhiaidh sin déantar é a fhrioctáil in éinfheacht le bágún.
    Bhíodh arán eile aca ar a dtugtar "Potato Cake" agus arán déanta as prátaí agus plúr measgtha tríd. Annsin déantar é a fhriochtáil agus ithtear é sa tráthnóna ag an an tae is é clúduighthe le im úr.
    Bhíodh arán eile aca déanta as min coirce. Tiormuigheadh siad an coirce i bpota ar an teine agus annsin bhí bróinte muilinn aca agus mheileadh siad an coirce go dtí go mbíodh sé an mhín. Is as sin a dheineadh siad an leite agus an tarán. Nuair a bhídís a' déanamh aráin mhin choirce bhíodh sort iarainn aca ar a dtugtai "bread-iron". Chuiridís an tiarann ós comhair na teine agus nuair a bhíodh sé go bréagh te chuiridís an tarán air chun é a bhacáil. Ghearradh siad fuirm croise san gcáca agus sé an fáth a bhí leis sin ná - bhéadh an cáca bacálta níos luaithe.
    Ins an arán fadó is uisge a chuireadh na daoine ann in ionad bláthach ach amháin san mboxty atá luaidhte cheana sa leabhar seo. Séa n tainm a bhí aca ar cháca bacálta os comhair na teine ná "bonoc". Bhí an tarán sin i bhfad níos fearr ná an sórt a bhíonn aca anois. Níl aon mhaitheas ins na builíní atá le fághail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Tomás Mac Siordan
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Address
    Moneensauran, Co. Cavan