School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 288
- XML “Bóithre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)atá i Sliabh Cailceach freisin tríd na bailte seo - Béálbealaigh, Curlough, Bawnboy, agus annsin go dtí Baile an Chabháin. Is ar an mbóthar sin a théigheadh na daoine fadó go dtí baile an Chabháin leis an gcíos don Tighearna Talmhan agus ar an mbóthar sin leis a théigheadh siad go dtí Bun Dobhráin agus go dtí sráidbhaile Blaclion. Ní oibrightear anois é car ar bith ach sul ar tosnuigheadh ar an mbóthar i mBéal Bealaigh is ar an mbóthar seo a théigheadh na daoine. Ó deineadh an bóthar go dtí An Bearna Mór fágadh an sean bhóthar gan a bheith in úsáid, agus ní fios cén uair a deineadh an sean bóthar mar tá sé imthighthe as cuimhne na ndaoine.Fadó bhíodh spórt is siamsa ag na crosbhóthair. Ins an tráthnóna Dé Domhnaigh bhíodh caitheamh cnaipí agus amhránuideacha is ceol ann agus nuair a bhíodh pósadh thart fadó bhíodh an lánamha nuadh-phósta is na cáirde go léir a' damhsadh. Ní bhíonn aon rud mar sin anois ach taréis an dára Aifrinn Dé Domhnaigh bailigheann sluagh mór daoine le chéile agus bíonn seanchas beag aca.
óBrígid Ní Siordan,
An Charraig,
Gleann-Gaibhleann- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Bríghid Ní Siordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan