School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 285
  3. XML “Cluichí a Imrím”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis. Téigheann na cailíní ins an líne go bhfuil an dath sin ortha in éinfeacht leis an Aingeal. Annsin tagann an diabhal agus deineann sí an nídh céadna leis. Leantar den obair sin go dtí go mbíonn gach cailín ins an líne imthighthe agus annsin má bhíonn an breis ag an Aingeal tosnuigheann siad ag troid le chéile.

    Bíonn cleas eile againn ar sgoil agus tugtar "Fuinneóga Árda" air. Téigheann sgata cailín le chéile i bhfuirm cearcail. Annsin téighean cailín amháin eile isteach in a measg agus comhairighean sí go dtí uimhir a fiche. An cailín go dtuiteann an uimhir sin uirthi bíonn uirthi rith indhiaidh an duine a bhíos a' comhaireamh agus breith uirthi. Téigheann an cailín go dtuit an fiche uirthi isteach sa líne agus tosnuigheann sise a' chomhaireamh mar an chéad chailín.

    Bíonn cleas eile againn oidhche fhuar gheimhridh agus tugtar "Hurley Burley" air. Sé an chaoi a n-imirtear é ná - bíonn sluagh mór in a suidhe cois teine agus bíonn ar dhuine amháin a cheann a iompódh síos. Annsin cuireann duine eile a dhá láimh ar a dhruim agus bíonn sé a' tumpáil agus deireann sé:-

    "Hurley Burley thump the tray,
    Go to pot the market day
    Simon Alley hunt the buck
    How many horns stand up?
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Aodh Mac Siordan
    Gender
    Male
    Address
    Carrick West, Co. Cavan