School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 282

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 282

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 282
  3. XML “An Gorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an gorta in Éirinn uile agus rith na mbliadhain 1846 agus 1847 agus is mó an díoghbhail a dhéin sé do na daoine bochta. Bhí sé sa cheanntar seo freisin - Gleann Gaibhleann agus fuair na sluaigthe daoine bás den ocras. Sé an rud ba mheasa a tháinig ná aicíd éigin ar na prátaí.
    Ní fhaca éinne a leithéid de rud agus ní raibh fhios aca aon tslighe chun é a chosg. Do bé aicíd é ná an dubh; bhí na prátaí a' fás go han mhaith agus na gais ghlasa os cionn talmhan nuair a tháinig an aicíd sin. Do loit sé na gais agus annsin níor fhás na prátaí cor ar bith, agus ní raibh aon rud le nithe ag na daoine. Dá bhrígh sin ní raibh in a gcomhair ach an gorta. Fuair na daoine bochta bás ar thaobh na mbóithre agus ins gach áit agus toisg nach raibh aon cónra le fághail níorbh féidir iad a thabhairt go dtí an roilig. Rud eile bhí na daoine ró lag chun iad a iomchar. Béigean iad a chur i bpoll san áit a bhfuair siad bás.
    Uaireannta eile cuireadh an corp isteach i mála agus tharring duine amháin go dtí poll éigin é agus leagadh isteach sa pholl é. Deireann na sean daoine go raibh ar na daoine píosa de chorp marbh a ithe bhí an ocras chomh mór sin ortha. Bhí fear in Derrylahan darbh ainm dó Cathal Mac Samhráin agus bhí coire aige - pota mór doimhin agus is ann a dhéanadh sé an min a bheirbhiú. Annsin théigheadh daoine as Moneensamhráin agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Tomás Mac Siordan
    Gender
    Male
    Address
    Moneensauran, Co. Cavan