School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 271

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 271

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 271
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na tincéirí agus taid an-droch-mhúinte is cuid eile díobh agus bíonn siad deagh-mhúinte. Cuirtear fáilte roimh na daoine deagh-mhúinte ach sé a mhalairt a bhíonn roimh na daoine droch-mhúinte. Ní fhanann siad ins na tighthe anois cor ar bith ach bíonn sórt " tents " aca amuigh ar thaobh an bóthair déanta as malaí agus bíomaí. Fadó bhíodh siad ins na tighthe ar feadh oidhche amháin agus bhí ortha imtheacht ar maidin. Anois téigheann siad thart sa ló ag iarraidh rudaí le nithe agus annsin má fhaghann siad plúr nó bagún ullmhuigheann siad é ag deire a' lae. Siad seo na rudaí a gheibheann siad plúr, tae, siúcra, bainne, bagún agus sean bhróga nó sean éadaigh. Sé an chaoi a théigheann siad ó áit go háit ná ar chairt. Siad na daoine a thagadh go dtí an ceanntar seo fadó ná:-
    Na mná
    Máire Bolds
    Máire Feeney,
    Máire Connolly,
    Kitty O Hara,
    Nellie na hOlna
    Na fir
    Richard O'Neill
    Aodh De Lace,
    Micheal Connolly,
    Myles O h-Ára

    Thagadh gach dream díobh beagnach as Co. na Midhe agus as Béal an Atha Mhóir. Anois ní bhíonn mná déirce thart annseo cor ar bith. Ní thagann siad ach uair sa bhliadhain má bhíonn an aimsear go breagh. Ní innsigheann siad sgéalta i dtaobh áiteacha eile in aon chor ach má fhagainn siad deirc imthigheann siad ar an noimeat.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Siordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan