School: Curratavy

Location:
Corratawy, Co. Cavan
Teacher:
E. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0964, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0964, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curratavy
  2. XML Page 119
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ann agus abair tusa gur "ar bás" ata ann. Lom sé an coileach agus leig sé isteach e idir an dhá solus. Ars an bhean "In ainm Dé caide sin." "Sin an bás" ars an fhear. Bhí sé ag teacht aníos agus ag sineadh a mhuineal san áit a raibh an bhean ina suidhe. Thóg sí a lámh agus dubhairt sí leis "ta tú ag dul ar seacran" "suíd tháll e" "suíd tháll e."

    * * *

    Bean a raibh mart (bó) tinn aici. Chuir sí chuig an sagairt agus díarr sí air oifig a leígheamh don mhairt. "Dheanfaidh mé sin agus fáilte" ars an sagart. Léigh sé an t-oifig ach mar sin fhéin ní rabh biseach ar bíth ar an mhárt. Chuáidh sí arais chuig an sagart agus díarr sí air oifig mhaith a leígheamh do. "Ta mé ro gnoiteach" ars an sagart "ach foghluimeochaibh mé na focla duit fhéin."
    Nuair a rachas tú na bhaile leag do lamh ar an mhairt agus abair
    "Má bhíonn tú beó beid tú beó."
    agus ma gheibh tú bas beidh tú marb
    Agus beó no marbh is beag an chaill é."
    Rinne an bhean seó agus fúair an márt biseach.
    Ina dhíaid seo deirigh an sagart fheín tinn agus bhí sé a thachadh le cnáp ina sgornach. Chúaidh an bhean ag amharc air agus d'íarr sí cead e a fheiceal an rud a bhfúair. Leag sí a lamh ar a chionn agus arsa sise
    Ma bhíonn tú beó beidh tú beó
    Agus ma gheibh tú bás beidh tú marbh
    Agus beó nó marbh is beag an chaill é.
    Núair a chúala an sagart seo rinne sé gairdihe chomh mór sin gur bhris an cnap ina sgórnach agus bhí sé leígheasta leis an oifig.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Ailis Ní Mhaghnuis
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Maguidhir
    Gender
    Male
    Age
    88