School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 498

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 498

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 498
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    scian. Bhí an maighistir ag feachaint air i gan fhios dó agus nuair a tháinig sé thar n-ais, dubhairt sé ná oireadhn[?] sé do i n-aon chor. Tháinig buachaill eile ag iarradh an phosta. Thug sé an beart do san arís. Bhí sé ceangailte do docht, acht do thóg an buachaill tairnge as a phóca agus do scaoil sé an t-snaidhm thar éis tamall. Annsan chuir sé teadán agus an páipéar i leat taoibh go cúramach. Tháinig an maighistir cuige agus dubhairt sé go mbeadh luach na foighne le fághail aige gan amhras.
    "Is é an chroidhe réidh a réidhtigheann an fitheán"
    Seo an sgéal atá mar geall air sin. Bhí sen bhean ann fadó agus bhí cailín aimsir ag teastáil uaithi. An lá seo tháinig triúir cailín isteach cuici ag lorg posta. Bean glic a bheadh an bhean agus bhí ceirtlín snaith aici, agus bhí sé ceangailte tré na chéile, agus thug sí é don cead cailín, chun é do scaoileadh. Dubhairt an chailín ná beadh sí ag caitheamh an t-am go léir, agus d'fhág sí mar san é. Do thug an bhean é don dara cailín, agus dubhairt an cailín go gceannóchadh sí ceirtlín snaith dí, agus gan a bheirt ag iarraidh é sin a scaoileadh. Do thug an bhean é don triomhadh cailín, agus bhí an cailín ag obair ar an gceirtlín, go dtí go raibh sé go réidh agus go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish