School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 493

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 493

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 493
  3. XML “Scéal - Bríghid Ní Mocoirghe agus an tUaireadóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    le gach duine dul isteach ins an seómra agus do chuaidh agus do dhún sí an doras agus do chuir sí a drom leis. "Anois" ar sise "goideadh uaireadóir ó'n bhfear seo Diarmuid Ó Briain aréir agus geobhaidh mise le neart draoidheachta cé ghoid é. Cuirfead an coileach seo fé'n gcorcán agus nuair a dhéunfair corchú ar an bhfuinneóig, caithfidh gach aoinne a lámh dheis do leagaint ar thóin an chorcáin agus nuair a leagfeadh an t'é a ghoid an t-uaireadóir a lámh dheis ar an gcorcán glaoidhfeadh an coileach". Chuir sí an coileach fé'n gcorcán agus dubhadh an fhuinneóg. Annsoin rith gach aoinne go dtí an corcáin agus leag a lámh ar acht níor ghlaodh an coileach. "Bhí fhios agam go maith nár deineadh goid annso aréir" ars an óisteoir. "Bain an brat as an fhuinneóg" arsa Brighid "agus oscail na coinlaí" arsa Brighid agus deineadh amhlaidh agus leigeadh isteach an solus.
    "Tá aithmheul orm nár eirigh led cleas" arsa Diarmuid. "Níor ghlaodh an coileach" arsa buachaill aimsire. "Leigh amach mé go raghaidh mé i bhfeighil mo gnótha" mar bhí a drom leis an doras ag Brighid fós. "Tóg go bog é arsa Brighid. Taisbeán gach aoinne agaibh bas a láimhe deise dom" ar sise. Cuireadar go léir suas na lámha agus do bhí sogha[?] as tóin an chorcáin ar gach láimh acht amháin ar láimh an buachalla aimsire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish