School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 475

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 475

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 475
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Killastapheen
    D'réir beal-oideachas na h-áite timcheall Lisceannúr agus Leachtuichonchabhar, tá baile beag fé uisce amuigh i gCuan na Mara báine. Direach ó's cionn an baile báidhte, bíonn tonnta bána le feiceál gach lá do'n blian, agus is ás na tonnta bána seo a bhfuar an chuan a ainm, acht connus ar thárla go bhfuil an baile seo fá uisge? seo an míniú a thug sean daoine na t-áite ar an gceist.
    Nuair a bhí na Tuatha Dé Deannan i gceannas an tír seo, tháinigh dream eile isteach chun seilbh na tíre a bhaint dogh agus rialú na tíre a bheith aca féin. Ní nárbh iongnadh, níor thaithn sin leis na Tuatha Dé Deannan, agus chuireadar i gcóir chun troda a dheanamh ar son a dtíre. Cuireadh fógra amach síos suas, soir anoir, go gach áird na tíre, ag iarradh ar na fearaibh óga, teacht le chéile i n-áit áirithe, i gCúige Connacht. Do ghlac na daoine óga go fonnmhar agus go fearamhail leis an gcuireadh sin, agus d'ullumhuigheadar iad féin chun an fóid a seasamh ar son a dtíre. Tháinigh na fir óga ó gach áird go Cúige Connacht, agus go mór mhór ó'n cheanntair timcheall Cuan na Mara báine. Nuair chonnaic na sean daoine, na mná agus na páistí, na daoine óga ag imtheacht uatha, do gabh uaigneas iad mar do cheapadar dá dthiocfadh an námhad, ná bheadh aoinne ann chun iad a chosaint agus d'iarradar ar thaoiseach na h-áite cabhair a bhronnadh ortha. Do dhein an taoiseach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1889H: Submarine Otherworld
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Luanaigh
    Gender
    Female