Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Furraglaun, Co. Clare
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tamall ó shoin, bhí fear 'na chomhnuidhe san gceanntar seo. Taobh istigh de scoil níor chonnaic sé riamh, ach mar sin féin, bhí sé eirimeamhail, luath-bheartach, binn-bhealach agus deas-cainnteach. Nuair a bhí sé timcheall ochtmhadh mbhlian d'aois do thuit tinneas air, agus b'éigean do an leaba a thabhairt ar féin. Pian mór a bhfuair sé 'na thaobh clé. Istoidhche, bhailigheadh na daoine isteach chun chomh-bhróin a dheanamh leis an fhear-bhocht. Bhiodar go léir ag tabhairt a thuairme féin cad fé ndheara an pian. Dubhairt ceann aca gurb'é an t-aois fé ndhear é. D'airigh an fear tinn é, agus do labhair sé, nárbh'é an t-aois an chúis. "Cá bhfios duit", ars' an fear eile. "Cé'n chiall ná bheadh fhios agam" ars' an fear tinn, ná bhfuil an taobh eile comh sean leis agus níl pian ar bith air." Do gháireadar go léir agus is mór an t-áthas a bhí ar an bhfear a bhí san leaba nuair fuair sé an treis ar an chabaire eile.