School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ann. Bhí dhá oiread sin ann fadó roimh "An Gorta".'Sé an míniú atá le Muirbheach na píosa talmhan íseal in aice na fairrge. Tá roinnt maith daoine ina gcómhnuidhe ann act níl acht cúpla seanchaidhe ann. Is mó íad na sean-cablach tíghe atá suidte annso agus annsúd ar fuaid na háite. Níl acht rian de cuid aca ann anois mar tá síad laigidhthe le himeacht aimsire.Níl an talamh go saidhbhir tríd is tríd mar tá cuid maith carraigeacha í cuid díobh acht ní ceart a thuisgint go bhfuil sé go léir clúdaighthe leis na carraigeacha. Tá cuid maith talamh saidhbhir ann freisin agus tá sé oireamhsach lé naghaidh cuireadóireachta. Fastar mór cuid prátaí, eórna, coirce, cruitneachta agus turnoipí.Níl acht abha amháin san gcenntar ar a "Abha na gCathrach" agus ar bhrúach na habhann sin deireann béaloideas go bhfuil ríana le feiscint. Do réir sgéal núair a bhí arm áirithe ag leanamhaine Colm Cill Naomhtha fadó chuaidh sé an bealach sin agus deirtear núair a bhí na tóirighthe in aice leis gur ceangal na capaill ar an bhrúac agus níor leó dul níos sía go dtí go raibh an Naomh imthighthe. Tá an féar ag fás anois ann agus ní féidir é d'aimhbheóchaint ar cor ar bith. Siobhán Ní Catasaig
Muirbeach,
Baile Úi Bheacháin- Collector
- Siobhán Ní Catasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Murrooghtoohy South, Co. Clare